Heinrich Wagner
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Eanáir 1923 Zürich, An Eilvéis |
Bás | 11 Meán Fómhair 1988 65 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Utrecht. Dámh na nEalaíon agus na Fealsúnachta, Ollscoil Utreacht (1951–) |
- Tá níos mó ná duine amháin darb ainm Heinrich Wagner; féach Heinrich Wagner (idirdhealú).
Teangeolaí agus ollamh as an Eilvéis ba ea Heinrich Wagner (a rugadh a 16 Eanáir 1923 in Zürich agus a d'éag 11 Meán Fómhair1988 i mBaile Átha Cliath).[1][2] D’fhoilsigh Wagner an Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects ina cheithre imleabhar, idir na blianta 1958 agus 1969.[3] Bhí Wagner ina ollamh le Ceiltis in Ollscoil na Ríona i lár na 20ú haoise.
Sa bhliain 1979, ghlac Wagner le cuireadh Scoil an Léinn Cheiltigh, BÁC, chun a bheith mar ollamh acu.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Zürich a rugadh Wagnerar 16 Eanáir 1923. Chuaigh sé isteach in Ollscoil Zürich in 1941. Rinne sé staidéar ar an bhfocleolaíocht Ghearmánach agus san fhocleolaíocht Ind-Eorpach. Bhí mioneolas aige ar tuairim is trí scór teanga. Thabhaigh sé cáil i measc mhic léinn a aimsire féin lena thapúlacht a chuireadh sé eolas ar theangacha Ind-Eorpacha; deirtí gurbh in imeacht deireadh seachtaine a d’fhoghlaim sé canúint den tSlavais.[1]
I samhradh 1943 chuir sé a ainm síos do chúrsa tosaigh sa tSean-Ghaeilge. ‘Ar an bhomaite agus a chuaigh mé isteach i dteangaidh agus i litríocht na Sean-Ghaeilge, thug mé fá dear gur rud iontach agus rud ar leith an seanchultúr Gaelach . . .. Tchítear domsa gur ag an tseanbhunadh Ghaelach atá spiorad agus cultúr ard na Meán-Aoise beo go fóill, rud atá imithe as an Eoraip uilig’.[4]
Chaith Wagner cúig mhí i nDún Chaoin sa bhliain 1945 ag foghlaim Gaeilge agus bhailigh ábhar ann ó dhaoine, Peig Sayers ina measc. In 1949-51 bhí Wagner ag obair mar scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Cinneadh ag cruinniú in Institiúid Ardléinn i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1949 go bhfágfaí cúram an atlais nua faoi lámha Wagner.
Ó 1958 go ceann 21 bliain bhí sé ina ollamh le Ceiltis agus leis an bhFocleolaíocht Chomparáideach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Rinne sé an chéad iarracht le taifeadadh eolaíochtúil a dhéanamh ar theanga bheo na Gaeilge ar fud réigiúin na Gaeltachta, agus gan dearmad á dhéanamh aige de na ceantair bheaga thréigthe taobh amuigh de na mórlimistéir Ghaeilge san iarthar, san iarthuaisceart agus san iardheisceart.[5]
'Rescue dialectology' a thugadh Wagner féin ar a raibh ar siúl aige. Bhí a dhearcadh agus an cur chuige a bhí aige ina ábhar inspioráide ag na scoláirí óga a lean é. Ina measc siúd bhí an tOllamh Gearóid Stockman agus Colm Ó Baoill, ollamh emeritus de chuid Ollscoil Obar Dheathan , a rinne sáriarracht cuid d’ábhar Doegen ó oirthear Uladh a shoiléiriú i 1967.
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Wagner, Heinrich, Irish Dialects Past and Present, Thomas F. O’Rahilly, IALBÁC, BÁC, 1972.
- Wagner, Heinrich, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Iml I - IV [6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “WAGNER, Heinrich (1923–1988) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (3 Feabhra 2023). "Ag triall ar scoil Merriman, strainséirí ag caint liom, an saol ina cheart arís…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-03.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (20 Nollaig 2014). "Atlas Teangeolaíochta don Ghaeilge á chur le chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-03.
- ↑ athchló in An tUltach, Aibreán 2002 ar shliocht as alt a bhí aige san iris sin in Aibreán 1947.
- ↑ Seosamh Watson (2010). "Éistear Lena nGlór" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-07-03.
- ↑ "Linguistic atlas and survey of Irish dialects – DIAS Shop" (en-GB). Dáta rochtana: 2023-07-03.