Heather Cox Richardson
(2016) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1962 61/62 bliana d'aois Maine, SAM |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Harvard - céim dochtúireachta (–1997) Acadamh Phillips Exeter |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Stair na Stát Aontaithe |
Gairm | staraí, tionchaire, iriseoir, scríbhneoir, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Coláiste Bhostúin, ollamh (2011–) Ollscoil Massachusetts, Amherst (2004–2010) Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts, ollamh comhlach (1997–2002) |
Mac/iníon léinn de chuid | David Herbert Donald |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Is staraí Meiriceánach agus ollamh le stair ag Boston College í Heather Cox Richardson, áit a múineann sí cúrsaí ar Chogadh Cathartha Mheiriceá, Ré an Atógála, Iarthar Mheiriceá, agus Indiaigh na Machairí.[1] Roimhe sin mhúin sí stair ag MIT agus in Ollscoil Massachusetts Amherst.[2]
Tá sé leabhar ar stair agus ar pholaitíocht scríofa ag Richardson. Sa bhliain 2014, bhunaigh Richardson suíomh Gréasáin a bhfuil tóir air, werehistory.org. Idir 2017 agus 2018, bhí sí ina comh-óstach ar phodchraoladh NPR Freak Out and Carry On.[3] Le déanaí, thosaigh Richardson ag foilsiú "Letters from an American", nuachtlitir oíche a thugann cuntas ar imeachtaí reatha i gcomhthéacs níos níos mó, sé sin stair Mheiriceá.[4][5] D’fhabhraigh an nuachtlitir na mílte síntiúsóir, rud a d’fhág gurbh í, ó mhí na Nollag 2020, an t-údar aonair is rathúla d’fhoilseachán íoctha ar Substack.[6] Tá Richardson ina chomhóstach ar an bpodchraoladh Now & Then in éineacht leis an staraí eile Joanne B. Freeman.[7] I mí Feabhra 2022, chuir Richardson agallamh ar an Uachtarán Joe Biden.Heather Cox Richardson’s interview of Joe Biden made me feel better about Biden, the country and life in general
Luathshaol agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Richardson i 1962 agus tógadh i Maine é, agus d’fhreastail Richardson ar Acadamh Phillips Exeter in Exeter, New Hampshire.[8] Fuair sí BA agus Ph.D. ó Ollscoil Harvard, áit a ndearna sí staidéar faoi David Herbert Donald agus William Gienapp .
Gairm scríbhneoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]The Greatest Nation of the Earth (1997)
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’eascair céad leabhar Richardson, The Greatest Nation of the Earth (1997), óna tráchtas in Ollscoil Harvard. Arna spreagadh ag saothar Eric Foner ar idé-eolaíocht Phoblachtach roimh an gCogadh Cathartha, rinne Richardson anailís ar bheartais eacnamaíocha Poblachtacha le linn an chogaidh. Mhaígh sí gur mharcáil a gcuid iarrachtaí chun rialtas feidearálach gníomhaíoch a chruthú le linn an Chogaidh Chathartha an leanfaí ar aghaidh le idé-eolaíocht saorshaothair na bPoblachtach. Rinne na polasaithe seo, amhail bhannaí cogaidh agus na dollair nó an Land Grant College Act agus an Homestead Act, réabhlóidiú ar ról an rialtais feidearálach i ngeilleagar SAM. Ag an am céanna, leag na gníomhartha seo an bunchloch le haistriú an Pháirtí Poblachtánaigh chuig gnó ar an mórscála. tar éis an Chogaidh Chathartha.[9]
Dar leis an Ollamh James L. Huston in Ollscoil Stáit Oklahoma:
For nineteenth-century political historians, this will be an important book with crucial insights into the nature of the Republican Party. Richardson's attention to political economy offers a refreshing vantage point from which to assess Civil War legislation, and her willingness to delve deeply into economic doctrines is commendable. Not the least of her accomplishments is a more realistic appraisal of the Republicans, revealing their agricultural bias and their distrust of monopoly and hierarchy.... At times, Richardson's discussion of economic principles is insightful and perceptive; at other times the discussion is shallow and requires more refinement.[10]
The Death of Reconstruction (2001)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceithre bliana ina dhiaidh sin, leathnaigh Richardson a staidéar ar bheartas Poblachtach isteach sa tréimhse iarchogaidh le The Death of Reconstruction (2001).[11] Murab ionann agus staraithe eile, dhírigh a hanailís ar an tréimhse ar "Northern abandonment of Reconstruction". Ag tógáil ar an obair a rinne C. Vann Woodward níos luaithe, d’áitigh sí gur theastaigh tuiscint níos iomláine ar an tréimhse le léirthuiscint aicme, ní hamháin ar chine sí go raibh tuiscint níos iomláine ar aicme ag teastáil, ní ar chine amháin. De réir mar a lean Ré na hAtógála ar aghaidh go dtí na 1870idí agus go háirithe na 1880idí, thosaigh Poblachtánaigh ag breathnú ar Mheiriceánaigh Afracacha sa Deisceart ó pheirspictíocht aicmeach agus ní ba lú ná sin ó thaobh an chine, a spreag a ndaonnachas roimhe seo. Le linn streachailtí saothair na hAoise Óraithe (Béarla:Gilded Age), tháinig Poblachtánaigh chun comparáid a dhéanamh idir "the demands of the ex-slaves for land, social services, and civil rights" agus éilimh na n-oibrithe geala sa Tuaisceart. Ba é an toradh a bhí ar an athrú idé-eolaíoch seo ná gur thréig na Poblachtánaigh an Atógáil, mar roghnaigh siad cosaint a leasanna eacnamaíocha agus gnó thar a mhian le comhionannas ciníoch.
Dar leis an Ollamh Michael W. Fitzgerald, i gColáiste Naomh Olaf:
"The Death of Reconstruction" is an important book on a big topic. It offers a full-scale reinterpretation of the great betrayal of the Civil War's egalitarian legacy, the northern public's abandonment of the freedpeople. If the book is not uniformly persuasive, that partially reflects the scope of its ambition.[12]
online</ref>
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ .Heather Cox Richardson
- ↑ Cox Richardson, Associate Professor of History[nasc briste go buan]
- ↑ The Guardian
- ↑ from an American[nasc briste go buan]
- ↑ http://werehistory.org. We're History]
- ↑ "Heather Cox Richardson Offers a Break From the Media Maelstrom. It's Working
- ↑ & Political Power[nasc briste go buan]}
- ↑ Heights[nasc briste go buan]
- ↑ Adam Smith, "Review of Richardson, Heather Cox, The Greatest Nation on Earth: Republican Economic Policies During the Civil War." H-USA, H-Net Reviews February 1999 online
- ↑ James L. Huston, "Review," American Historical Review (1998) 193#2 p. 599
- ↑ Death of Reconstruction', Harvard University Press
- ↑ Michael W. Fitzgerald, "Review" Journal of Southern History, 69#2, (2003), pp. 451–52, online