Jump to content

Haiku

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dán haiku le Jeff Kemp
Gabriel Rosenstock, file haiku

Is éard atá san haiku ná foirm fhileata an-ghearr. Is é an haiku an fhoirm is lú d'fhoirmeacha filíochta an domhain (i dteannta an tré). Gabhann a chuid fréamhacha siar go dtí an 13ú haois agus bhláthaigh an seánra seo sa tSeapáin in aimsir Basho. De ghnáth, is i bhfoirm trí líne a bhíonn an haiku agus ní théitear de ghnáth thar 17 siolla. 'An rud atá os do chomhair a fheiscint, breith ar nóiméad solasmhar'. Sin is haiku ann, dar leis an bhfile Gaeilge Gabriel Rosenstock.

Bíonn trí líne de ghnáth sa haiku. 5, 7, agus 5 siolla, faoi seach, a bhíonn sna línte. Gabhann rialacha eile, freisin, leis an gcineál seo filíochta.

Tá an Haiku bunaithe ar sheandán traidisiúnta Seapánach a dtugtar hokku air - an chéad véarsa de renga (filíocht chomhoibritheach)

Ba é Masaoka Shiki[1] (1867-1902) sa 19ú haois a chruthaigh an téarma "haiku" chun cur síos a dhéanamh ar an bhfoirm neamhspleách 5-7-5, nuair a bhí sé ag déanamh critice ar obair Bashō agus ag iarraidh an foirm a dhéanamh níos inrochtana.

Santōka Taneda

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Santōka Taneda (1882-1940), file Seapánach agus manach Búdaíoch, ina fhile cáiliúil haiku freisin. I mí Aibreáin 1926, chuaigh sé ag déircínteacht, ag dul ó dhoras go doras. Le linn dó a bheith ag siúl, chaith sé róbaí sagairt agus hata mór bambú ar a dtugtar kasa, in aghaidh na gréine. I gcaitheamh na siúlóidí fada sin, scríobh sé haiku gan stad, a mheon á thaifeadadh aige, thuas seal, thíos seal, agus é sa tóir ar lánléargas spioradálta. Haiku saorfhoirme a chleacht sé, seachas cloí le rialacha foirmiúla an traidisiúin. Friotal simplí, gan aon deighilt idir an fhilíocht agus a thaithí féin.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Masaoka Shiki" (as en) (2025-07-10). Wikipedia.