Gwriad ap Elidyr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGwriad ap Elidyr
Beathaisnéis
Breithc. 755
1268/1269 bliana d'aois
Ríocht na nOileán
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileEthyllt ferch Cynan Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMerfyn Frych, Cadrod Hardd ap Gwyriad ab Elidwr ap Sandde Cuir in eagar ar Wikidata
AthairElidir ap Sandde

Duine mór le rá ag deireadh an 8ú haois sa Bhreatain Bheag ab ea Gwriad ap ElidyrGwriad Manaw. Is beag atá ar eolas ina thaobh, agus tá sé le feiceáil go príomha sa taifead stairiúil i ndáil lena mhac Merfyn Frych, Rí Gwynedd ó timpeall 825 CR go 844 CR agus bunaitheoir ríshliocht Merfynion.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl mórán ar eolas faoi chúlra Gwriad. Phós sé Ethyllt ferch Cynan, inghean Cynan Dindaethwy, Rí Gwynedd. Ina dhiaidh sin ba é a mac Merfyn Frych an chéad rí ar Gwynedd nárbh as ríshliocht a bhunaitheoir Cunedda. Is léir gur éiligh Merfyn an ríchathaoir trína mháthair seachas trí Gwriad, agus thacaigh sé leis an éileamh neamhthipiciúil máthairlíneach seo trína chumhacht agus a chlú féin. De réir na nginealach ó Choláiste Íosa MS 20, ba mhac le Elidyr ar leith é Gwriad agus ba de shliocht Llywarch Hen agus Coel Hen, rialtóirí ón Hen Ogledd nó "An tSean-Thuaisceart", na codanna a labhair Briotainic, dá bhfuil anois i ndeisceart na hAlban agus tuaisceart Shasana.[1] Tugann filíocht na mbard le fios gur "from the land of Manaw" é Merfyn, logainm Briotánach a cuireadh i bhfeidhm ar cheantair éagsúla, lena n-áirítear, ina measc Manaw Gododdin, an ceantar thart ar Linne Foirthe. Bheadh an áit seo sa Hen Ogledd ag teacht le sliocht Gwriad ó shliocht thuaidh Llywarch. Thacaigh scoláirí mar William Forbes Skene agus John Edward Lloyd le bunús Manaw Gododdin..

Ceanglaíonn scoláirí eile Gwriad le hOileán Mhanann, ar a dtugtar Ynis Manaw sa Bhreatnais seachas Manaw Gododdin, go háirithe tar éis teacht ar chros ón 8ú nó 9ú haois ar Mhanann agus an inscríbhinn Crux Guriat ("Cross of Gwriad") uirthi. Scríobh Lloyd "(this) undoubtedly strengthens the case" do bhunadh Mhanann. Mhol John Rhys go mb’fhéidir gur ghabh Gwriad tearmann ar Oileán Mhanann le linn na streachailte fuilteacha ríoraíoch i Gwynedd idir Cynan Dindaethwy agus Hywel, roimh do Mherfyn theacht i gcoróin. Fós féin, tá suíomhanna eile le haghaidh "Manaw" molta, lena n - áirítear Éire, Gall-Ghàidhealaibh agus Powys ina measc.

Thug Rhys faoi deara freisin go luann na Tréanna Breatnacha (Trioedd Ynys Prydain) "Gwryat son of Gwryan in the North", a áirítear i measc na "Three Kings who were the Sons of Strangers", , a thugann le fios gur tagairt iad d'athair Merfyn. Mar sin féin, tá sé seo ag teacht salach ar ghinealach Choláiste Íosa MS 20, arb é Elidyr athair Gwriad. Molann James E. Fraser go n-aithneofaí Gwriad na dTréanna ina ionad sin le Guret Rí Alt Clut ar thaifead Annála Uladh go bhfuair sé bás sa bhliain 658.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [Lloyd, John Edward (1912). A History of Wales from the Earliest Times to the Edwardian Conquest. Longmans, Green, and Co. p. 323]