Jump to content

Gupaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGupaí
Poecilia reticulata Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN60444 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamChordata
OrdCyprinodontiformes
FinePoeciliidae
GéineasPoecilia
SpeiceasPoecilia reticulata Cuir in eagar ar Wikidata
Peters, 1859
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Is iasc trópaiceach é an gupaí (Poecilia reticulata)[1]. Tá sé ina bhall den fhine Poeciliidae. Tá sé ar cheann de na héisc thrópaiceacha is mó a dháiltear go forleathan ar domhan agus ar cheann de na speicis éisc uisceadáin fionnuisce is coitianta. Ball den fhine Poeciliidae atá ann agus, cosúil le beagnach gach ball Meiriceánach den fhine, tá sé beobhreitheach.[2] Tagann gupaithe ó oirthuaisceart Mheiriceá Theas, ach tugadh isteach iad i go leor timpeallachtaí agus bíonn siad le fáil ar fud an domhain anois. Tá siad an-inoiriúnaithe agus bíonn rath orthu i go leor staideanna comhshaoil agus éiceolaíocha éagsúla.[3] Bíonn na gupaithe fireanna níos lú ná na baineanna, agus bíonn eití eireaballacha agus droma ornáideacha acu. De ghnáth, beathaíonn gupaithe fiáine ar fhoinsí éagsúla bia, lena n-áirítear algaí beantacha agus larbhaí feithidí uisceacha.[4] Úsáidtear gupaithe mar shamhailorgánach i réimsí éiceolaíochta, éabhlóide, agus staidéir iompraíochta.[5]

  1. “Poecilia reticulata” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". AquaticCommunity.com.
  3. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Magurran2005
  4. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Dussault1981
  5. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Magurran20052