Guayaquil
Guayaquil | |||||
---|---|---|---|---|---|
Aintiún | Canción del 9 de octubre | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Eacuadór | ||||
Province of Ecuador (en) | Guayas Province (en) | ||||
Canton of Ecuador (en) | Guayaquil (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,650,288 (2022) | ||||
• Dlús | 7,476.55 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 354.48 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Guayas agus Gulf of Guayaquil (en) | ||||
Airde | 4 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 15 Lúnasa 1534 | ||||
Éarlamh | Naomh Séamus, mac Zeibidé | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 090101 - 090158 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 04 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | guayaquil.gob.ec |
An chathair is mó in Eacuadór is ea Guayaquil agus é suite ar bhruach thiar na habhann Guayas, in iarthar na tíre. Ritheann an Guayas isteach i Murascaill Guayaquil, san Aigéan Ciúin, timpeall is 20 míle slí níos faide ó dheas ón gcathair. Is í an Guayas an abhainn is mó i Meiriceá Theas a shníonn isteach san Aigéan Ciúin, cuid den chúis le tábhacht Guayaquil mar chalafort. Bhí cónaí ar 2,560,505 duine sa chathair de réir meastacháin a rinneadh sa bhliain 2011.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhíodh Indiaigh ina gcónaí insan áit ina bhfuil Guayaquil inniu sular tháinig na hEorpaigh a chéaduair. Dhéanaidís trádáil feadh na cóstaí chomh fada ó dheas le deisceart Pheiriú agus ó thuaidh le deisceart Mheicsiceo. De réir na leabhar staire, bhunaigh na Spáinnigh an chathair sa bhliain ar 25 Iúil 1534 faoin ainm Santiago de Guayaquil, nó le bheith cruinn, Muy Noble y Muy Leal Ciudad de Santiago de Guayaquil ("Cathair an-uasal agus an-dílis Santiago de Guayaquil").
D'fhulaing Guayaquil ionsaithe foghlaithe mara, Sasanaigh sa chuid ba mhó, i luathstair na cathrach. Chomh déanach le 1709 ghlac drong díobh seilbh ar Guayaquil; d'imigh siad nuair a bhris an calar amach sa chathair. Ar 9 Deireadh Fómhair 1820 d'éirigh cuid de na saoránaigh. Beagnach gan foréigean, ghabh siad na hoifigigh Spáinneacha agus d'fhógair Guayaquil a bheith neamhspleách. Céim mhór a bhí ann i gcogadh an neamhspleáchais in Ecuadór.
Is síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |