Greamachán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ábhar é an greamachán a ghreamaíonn dromchlaí le chéile. As polaiméirí — macramhóilíní i bhfoirm slabhraí — an-chuid greamachán. Bíonn na slabhraí fite fuaite le chéile, agus greamaíonn siad le dromchla a dtagann siad i dteagmháil leis. I ngnáthghreamachán bíonn na macramhóilíní tuaslagtha i leacht éigin, agus galaíonn an leacht nuair a leatar an greamachán ar dhromchla, triomaíonn is soladaíonn sé tar éis greamú leis an dromchla. Is maith an greamú é nuair is polach an dromchla, is é sin go bhfuil luchtanna dearfacha is diúltacha scaipthe ar fud an dromchla. Is polach an macramhóilín freisin, agus is féidir le slabhraí de gach macramhóilín luí ar an dromchla, ionas go bhfuil cuid dá luchtanna greamaithe go leictreastatach leis na luchtanna sa dromchla (is é sin, lucht dearfach sa mhacramhóilín greamaithe le lucht diúltach sa dromchla, is a mhalairt). Muna polach an dromchla, dromchla polaitéine mar shampla, ní fiú le rá an greamú a tharlaíonn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Greamachán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 330.