Jump to content

Grúpaí polaitíochta i bParlaimint na hEorpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grúpaí polaitíochta i bParlaimint na hEorpa, 2019 (agus 2014); bhí an R-A fós ann

Is iad Grúpaí polaitíochta i bParlaimint na hEorpa[1] ná na grúpaí polaitiúla a aithnítear go hoifigiúil arb éard iad reachtóirí atá ailínithe ar bhonn idé-eolaíoch i bParlaimint na hEorpa .[2][3]

Tá Parlaimint na hEorpa uathúil i measc na gcomhthionól fornáisiúnta sa mhéid is go n-eagraíonn a comhaltaí (FPEanna) iad féin ina ngrúpaí polaitíochta. Ní eagraítear iad de réir náisiúntachta, ach de réir cleamhnachta polaitiúla.[4] Glactar leis go bhfuil sraith de chroíphrionsabail ag gach grúpa polaitiúil, agus d'fhéadfaí grúpaí polaitíochta nach féidir leo é seo a léiriú a dhíscaoileadh.

Modh oibre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíonn na FPEnna i ngrúpaí polaitíochta - Sa bhliain 2024, bhí 8 ngrúpa polaitíochta sa Pharlaimint. Chun grúpa polaitíocht a chur ar bun, is gá 23 Fheisire agus ní mór ionadaíocht a bheith ag an gceathrú cuid ar a laghad de na Ballstáit laistigh den ghrúpa. Ní fhéadfaidh Feisire a bheith i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin.

Tá roinnt Feisirí ann nach mbaineann le grúpa polaitiúil ar bith agus tugtar Feisirí neamhcheangailte orthu.

Tá gach grúpa polaitiúil freagrach as a eagar inmheánach féin, trí chathaoirleach (nó beirt chomhchathaoirleach i gcás grúpaí áirithe), biúró agus rúnaíocht a cheapadh.

Cinneadh na háiteanna a shanntar d'Fheisirí sa Seomra Tionóil trí chleamhnacht pholaitiúil, ó chlé go deas, trí chomhaontú le cathaoirligh an ghrúpa.

Roimh gach vóta sa suí iomlánach déanann grúpaí polaitiúla grinnscrúdú ar na tuarascálacha arna ndréachtú ag na coistí parlaiminteacha agus cuireann siad leasuithe síos orthu.

Aontaítear an seasamh a ghlacfaidh an grúpa polaitiúil trí phlé laistigh den ghrúpa. Ní féidir iallach a chur ar aon Fheisire vótáil ar shlí ar leith.[2]

Liosta (2024)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó Grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa, nó i mBéarla, European Parliament party groups
  2. 2.0 2.1 europarl.europa.eu. "Grúpaí polaitiúla" (ga-IE). Grúpaí polaitiúla. Dáta rochtana: 2024-06-24.
  3. Muiris O'Cearbhaill (2024-06-01). "‘Ispíní a dhéanamh’: Cad is FPE ann agus cad a dhéanann siad?" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2024-06-24.
  4. Hines (2003). “The European Parliament and the Europeanization of Green Parties”. University of Iowa. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 May 2008. Dáta rochtana: 2008-03-01.