Gortuithe spóirt
Cuma
Damáiste a fhulaingíonn an cholainn le linn gníomhaíochta fisiciúla is lúthchleasaíochta: ballbhrú, briseadh, leonadh is gortú de thoradh athstraidhneála. Féadfaidh siad tarlú mar thoradh ar thráma nó forúsáid. Is féidir gorthuithe éadroma a chóireáil le scíth, oighear, comhbhrú is/nó ardú. I gcás gortuithe níos troime, bíonn gá le cúram míochaine go minic. Is féidir cuid díobh a sheachaint ach áiseanna cuí cosanta a chaitheamh le linn na lúthchleasaíochta: mar shampla, loirgneáin sa pheil, sciath drandail sa dornálaíocht, clogaid san iomáint.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gortuithe spóirt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 328.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |