Gormaistriú
Cuma
Iarmhairt réalteolaíochta mar gheall ar iarmhairt Doppler i gcás solais ó rinn spéire atá ag druidim i dtreo an Domhain, rud a mhéadaíonn minicíocht (agus a laghdaíonn tonnfhad) an tsolais a shroicheann an Domhan. Maidir leis an solas infheicthe ón rinn, aistríonn sé seo a speictream don taobh gorm. Is annamh a fheictear a leithéid, de bhrí go bhfuil na réaltraí uile, beagnach, ag forleathnú amach uainn, agus mar sin ag léiriú deargaistrithe dúinn.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gormaistriú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 328.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |