Gníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh Adamhaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gníomhaireacht a chuireann forbairt is taighde ar fheidhmeanna síochánta an fhuinnimh núicléach chun cinn, agus a stiúrann córas dídine is rialúchán ar mhí-úsáid ábhar núicléach i gcomhair aidhmeanna míleata. Bunaíodh i 1957 í, agus tá a príomhoifig sa Vín. Faoi 2011 bhí 151 ballstát inti. Bhuaigh sí Duais Nobel na Síochána, lena stiúrthóir ginearálta Mohamed ElBaredei, i 2005.