Gluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta
Cuma
Gluaiseacht Shasanach, den chuid is mó, san ailtireacht, an ealaín agus na healaíona feidhmitheacha sa dara cuid den 19ú céad. Mhol sí úsáid lámhcheirdeanna agus maisiú simplí mar mhalairt ar thionsclaíocht is eicléicteachas sna healaíona. Bunaithe ar obair William Morris, agus is sampla maith den stíl an Teach Dearg dá chuid (1859, deartha ag Philip Webb). Bhí scríbhinní Pugin is John Ruskin tábhachtach sa ghluaiseacht. Ba í a haidhm ghinearálta ná cuma na hailtireachta is na healaíne agus a modhanna táirgthe a athrú ó bhun. Bhí tionchar fadtréimhseach ag an ngluaiseacht ar ailtireacht sa Bhreatain, an Ghearmáin is na Stáit Aontaithe, agus toradh suntasach uirthi ab ea gluaiseacht pleanála na gcathracha gairdíneacha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 323.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |