Gluaiseacht Lapua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGluaiseacht Lapua
(fi) Lapuan liike Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtanáisiúnachas
frithchumannachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1929
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1932 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
UachtaránachtVihtori Kosola Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Gluaiseacht fhrith-Chumannach a bhí i nGluaiseacht Lapua (Fionlainnis: Lapuanliike, Sualainnis: Lapporörelsen) a bhí gníomhach san Fhionlainn sna blianta 1929-1931. Cosúil le gluaiseachtaí eile den chineál chéanna faoin am seo san Eoraip níor theorannaigh an ghluaiseacht í féin don fhrith-Chumannachas sa deireadh, nó d'iompaigh sí ina gluaiseacht fhrith-dhaonlathach freisin. Tháinig tacaíocht na gluaiseachta ón Ostrabóitne ach go háirithe, agus ba é an feirmeoir Vihtori Kosola ceannasaí na gluaiseachta.

Bhí cónaí ar Kosola i gceantar tuaithe Lapua, agus is ansin a tháinig an ghluaiseacht ar an bhfód. Iad siúd a chuir tús leis an ngluaiseacht bhí siad ina mbaill den Chór Chosanta (Fionlainnis: Suojeluskunta, Sualainnis: Skyddskåren), is é sin na trúpaí paraimíleata a raibh an-ról acu i gCogadh Cathartha na Fionlainne agus iad ag cloí na nGardaí Dearga. Bhí lucht na gCór Cosanta míshásta leis an dóigh ar éirigh leis na Sóisialaigh sna toghcháin i ndiaidh an chogaidh chathartha, agus iad barúlach go rabhthas ag caitheamh bhua an chogaidh i dtraipisí mar sin. Bhí eagla ar an eite dheis roimh an "mbagairt dhearg", agus iad ag ardú bhratach an fhrith-Chumannachais.

Bhí na "Lapuaigh" ag cur brú ar an lucht rialtais ar bhealaí neamhpharlaiminteacha. Bhí léirsithe acu chomh maith le hachainithe, ach thairis sin chuaigh siad i muinín na sceimhlitheoireachta polaitiúla. Gné thábhachtach den sceimhlitheoireacht sin ab ea an rud ar a dtugtaí muilutus - "cleas Muilu". Fuair an cleas a ainm ó chúpla feirmeoir ó Lapua a bhíodh á chleachtadh, nó ba é Muilu an sloinne a bhí orthu. Is éard a bhí i gceist leis an gcleas seo ná fuadach de shórt ar leith: d'fhuadaigh na "Lapuaigh" polaiteoirí eite clé, nó fiú polaiteoirí buirgéiseacha a raibh d'éadan acu locht a fháil ar an ngluaiseacht, agus thug siad go teorainn an Aontais Shóivéadaigh iad - ag tabhairt le fios go mbeadh an tír sin ní b'oiriúnaí dóibh ná an Fhionlainn. Ba mhinic a thug siad greidimíní don fhear a d'fhuadaigh siad, leis; bhí cúpla dúnmharú ann chomh maith.

Bhí an ghluaiseacht in ann cuid mhór dá cuspóirí a bhaint amach. I Samhradh na bliana 1930 coisceadh na nuachtáin Chumannacha agus caitheadh feisirí parlaiminte an Pháirtí Chumannaigh i dtóin phríosúin. Foirmíodh caibinéad rialtais de réir mar a d'éiligh an ghluaiseacht. I bhFómhar na bliana 1930 reachtaigh an pharlaimint nuathofa na "dlíthe Cumannacha", is é sin dlíthe a bhí dírithe ar chosc a chur le gach gníomhaíocht Chumannach sa tír. Thosaigh an ghluaiseacht ag cailleadh tacaíocht an phobail, ach má thosaigh, chuaigh lárghrúpa na gluaiseachta le radacachas, agus iad ag éileamh go gcoiscfí an páirtí Sóisialta Daonlathach féin agus go gcuirfí deachtóireacht eite deise san Fhionlainn. I nGeimhreadh na bliana 1932 d'éirigh iarsmaí na gluaiseachta amach in aghaidh an rialtais i Mäntsälä.

Ba í an cheannairc armtha seo deireadh na gluaiseachta. I mBealtaine 1932 coisceadh an ghluaiseacht. Tháinig páirtí nua polaitiúil sna sálaí aici, mar atá, Isänmaallinen Kansanliike nó Gluaiseacht Thírghráúil an Phobail, IKL, ach ní bhfuair an tIKL riamh an tacaíocht a bhí le Gluaiseacht Lapua nuair a bhí sí faoi lán an tseoil. Íorónta go leor bhí an rialtas in ann dul i dtuilleamaí na ndlíthe "Cumannacha" thuasluaite le Gluaiseacht Lapua a chloí.

Maidir le Kosola, ní raibh sé sásta leis an gcuma a tháinig ar na cúrsaí. Bhí an tIKL dírithe ar an acadúlacht (ba iad Vilho Annala, ollamh le heacnamaíocht, agus Bruno Salmiala, ollamh le dlí, an bheirt fhear ba chumhachtaí sa pháirtí) agus ar fhorbairt na dteoiricí idé-eolaíocha, agus cé go raibh an tIKL sásta cathaoirleach a dhéanamh de, ní raibh sé ábalta dul i bhfeidhm ar fhoirmiú na bpolasaithe sa pháirtí. Chuaigh sé le druncaeireacht agus fuair sé bás le niúmóine i Mí na Nollag 1936.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]