Gloine bhrúmhúnlaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníocht thionsclaíoch déanta gloine a tugadh isteach sna Stáit Aontaithe sna 1820idí, sa Bhreatain i 1831. Dhéantaí ornáidí is earraí don bhord trí ghloine leáite a bhrú idir dhá mhúnla mhiotalacha a dhéanadh na himlínte is na maisiúcháin in oibríocht amháin. Ar dtús bhrúití an múnla uachtarach síos le scriú nó luamhán lámhoibrithe. Tháinig fáisceáin gaile chun cinn i 1894, agus bhí monachanna tábhachtacha i mBirmingham, Stourbridge, Manchain, is oirthuaisceart Shasana sa 19ú-20ú céad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gloine bhrúmhúnlaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 322.