Gleann Nibheis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGleann Nibheis

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 56°46′14″N 5°02′08″W / 56.7706°N 5.0356°W / 56.7706; -5.0356
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle na Gàidhealtachd Cuir in eagar ar Wikidata

Is gleann é Gleann Nibheis (Béarla:Glen Nevis) i Loch Abar, sna Garbhchríocha, leis an Ghearasdan ag a bhun. Tá raon na Maman ina teorainn aige ó dheas, agus ó thuaidh tá na sléibhte is airde sa Bhreataine Mhór: Beinn Nibheis, Càrn Mór Dearg, An t-Aonach Mòr, agus An t-Aonach Beag.

Ag leanúint suas an gleann, ag taisteal ó dheas ón Ghearasdan, is gleann beag é an gleann ar dtús, le hionad campála agus brú óige. Ritheann bóthar poiblí 10 km suas an gleann. Tar éis 7 km tá uillinn sa ghleann; casann an gleann soir agus athraíonn an bóthar ina raon singil. Tar éis an charrchlóis ag deireadh an bhóthair, tá an gleann ina scornach 2 km ar fhad, agus tá sé deacair an cosán a leanúint go dtí an gleann uachtarach atá sách síochánta. Is é Iontaobhas John Muir a chothaíonn an cosán feadh Bheinn Nibheis. Anseo ag ceann an ghleanna uachtair tá droichead sreinge trasna na habhann, an t-Uisge Nibheis, both glasála do theach na n-aoirí roimhe seo, agus ceann de na heasanna is airde sa Bhreatain Mhór, an Steall. Tugtar Steall ar an bhothán freisin..

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]