Jump to content

Gleann Moireasdan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachGleann Moireasdan
Íomhá
CineálGleann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland agus Urquhart and Glenmoriston, Scotland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57° 10′ 23″ N, 4° 48′ 47″ O / 57.173°N,4.813°W / 57.173; -4.813
Gleann Moireasdan

Is gleann suite i gComhairle na Gàidhealtachd é Gleann Moireasdan. Ritheann sé ó Loch Nis, ag sráidbhaile Inbhir Mhoireastain, siar go Loch Cluanaidh, áit a mbuaileann sé le Gleann Seile. Téann na bóithre A887 agus A87 trí Ghleann Moireasdan.

Is í an Abhainn Mhoireastain an ghné is suntasaí sa nGleann. Is díol spéise mór í an abhainn d'iascairí, ach freisin d'fhairtheoirí na n-éan a thagann chun na gcoirneach agus na n-iolar a fheiceáil ag iascaireacht ar an abhainn. Titeann an abhainn thar eas ag Inbhir Mhoireastain isteach i Loch Nis, ag dul thar dhroichead bunaidh Thomas Telford, a tógadh sa bhliain 1813.

Thart ar chúig mhíle síos an gleann ó Inbhir Mhoireastain tá Loch Dhul Dreagain. Anseo, baintear leas as fórsa nádúrtha na habhann trí dhamba hidrileictreach, a sholáthraíonn cumhacht don cheantar. Scaoiltear uisce amach as an ndamba gach Máirt, rud a mheallann cuairteoirí go mór le haghaidh raftú bánuisce agus curachóireacht. Tar éis staidéar féidearthachta i nGleann Afraig, athbhunaigh an carthanas Trees for Life (Scotland) toirc allta i gceantar mór fálaithe ar Eastát Dhul Dreagain i mí na Samhna 2009..[1]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ross, David (26 November 2009) "Wild Boar: our new eco warriors" The Herald. Glasgow.