Glacaireacht
Is éard is glacaireacht ann ná duine ag tabhairt pléisiúr gnéis dóibh féin.
Is rud coitianta í an ghlacaireacht i measc fear agus ban, cuma cén aois. Ní fios aon ghaol a bheith idir an ghlacaireacht agus aon chineál neamhord meabhrach nó fisiciúil.[1][2] I saol an Iarthair, meastar go ginearálta gur gnáthchuid sláintiúil agus taitneamhach é sult a bhaint as glacaireacht go príobháideach nó le comhpháirtí.


Téarmaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glaoitear freisin "faoiseamh láimhe", "féinphléisiúr", "féintruailliú", "lámhadóireacht", "lámhchartadh", "maistreadh", "ponndáil", "bualadh boid" (i gcás na bhfear), agus "sniogadh an dochtúra" is araile ag brath ar an gcomhthéacs.[3]
Feictear "féintruailliú" i bhfoclóir De Bhaldraithe.[4] Tá drochíomhá ag roinnt leis an bhfocal seo: tá an chuma ar an scéal go bhfuil an duine á "t(h)ruailliú" féin. Is é is dóigh gur lomaistriúchán ón mBéarla self-pollution is bunús leis.
Comhghlacaireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éard is comhghlacaireacht ann ná nuair atá beirt nó a thuilleadh daoine ag tabhairt pléisiúir ghnéis dá céile,lena lámha de ghnáth.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Masturbation as a Means of Achieving Sexual Health" (2012). New York: Routledge, Taylor & Francis Group. OCLC 50913590. “Despite the scientific evidence indicating that masturbation is generally a normal variant of sexual expression and that it does not seem to have a causal relationship with sexual pathology, negative attitudes about masturbation persist and it remains stigmatized.”
- ↑ "Encyclopedia of Clinical Child and Pediatric Psychology" (6 December 2012). Boston, MA: Springer Science & Business Media. OCLC 913623298. Note: Messer's and Walker's article cannot be protected by copyright.
- ↑ "masturbation - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for masturbation by New English-Irish Dictionary". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2019-02-02.
- ↑ "English–Irish Dictionary (de Bhaldraithe): Féintruailliú" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2019-02-02.