Glóthach shilice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is éard atá sa ghlóthach shilicedé-ocsaíd sileacain i bhfoirm dhímorfach (is é sin gan struchtúr criostalda). Ós rud é go bhfuil sí dímorfach, tá a struchtúr mírialta agus é lán póireanna (poill bheaga). Is í an phóiriúlacht seo is cúis leis gur dual don ghlóthach shilice uisce a ól chuici óna timpeallacht - is é sin gur ábhar tais-scópach é.

Is gnách glóthach shilice a úsáid le taise a ól: mar shampla cuirtear málaí beaga glóthaí silice i bpacáistiú na ngléas teicneolaíochta agus, abair, in easair chait.