Giorria sléibhe
Cuma
(Athsheolta ó Giorria Sléibhe)
Lepus timidus | |
---|---|
Sonraí | |
Tréimhse iompair | 50 laethanta |
Tréimhse saoil is faide | 18 bliain |
Gnáthóg | féarthalamh |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 11791 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Lagomorpha |
Fine | Leporidae |
Géineas | Lepus |
Speiceas | Lepus timidus Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Mamach beag is ea an giorria sléibhe.[1] Donnghlas a bhíonn a fhionnadh sa samhradh agus geal a bhíonn a bholg. Sa gheimhreadh is amhlaidh a bhíonn an fionnadh geal (sna tíortha le sneachta) nó glas, cé go bhfanann an dath dubh ar bharr na gcluas. In Éirinn, donn a bhíonn a fhionnadh ó cheann ceann na bliana.
I gcoillearnach dhuillsilteach oscailte agus ar mhóinteáin arda a chónaíonn sé. Tá sé le fáil in Éirinn, in Albain agus ó Chríoch Lochlann soir. Ní fhaightear níos faide ó dheas é ach amháin sna hAlpa.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Lepus timidus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |