Giolcach sléibhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Raon tom difriúil i gclann na bpiseanna, ach go príomha an ceann coitianta atá dúchasach don Eoraip a fhásann 2.5 m ar airde. An iliomad géag, glas díreach docht. Na duilleoga trídhuilleach den chuid is mó, a thiteann go luath. Na pisbhláthanna órga buí, suas le 2 cm ar fhad, i gcrobhaingí scaoilte duilleacha ar fhoircinn na ngéag. Na cochaill suas le 4 cm ar fhad, dubh.