Gingibhíteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athlasadh na ndrandal, a éiríonn ata dearg, le claonadh chun rith fola. Tarlaíonn sé mar gheall ar an iomarca plaice (meascán de bhruscar bia, ronna is baictéar) a bheith deasctha ar na fiacla. Greannaíonn an phlaic na drandail, agus éiríonn siad ionfhabhtaithe. Is féidir go leathfaidh an t-ionfhabhtú go dtí na fíocháin is na cnámha a thacaíonn leis na fiacla, agus go gcaillfear na fiacla. Is féidir é a sheachaint le sláinteachas maith béil.