Gineadóir leictreastatach
Cuma
Feiste chun lucht leictreach mór a tháirgeadh, de ghnáth trí ionduchtú leictreastatach a dhéanamh arís is arís eile agus an lucht táirgthe a charnadh go leanúnach. Cheap an t-innealtóir Briotanach James Wimshurst (1832-1903) ceann i 1878, agus tá meaisíní nua-aoiseacha ardvoltais bunaithe ar ghineadóir van de Graaff le beilt-tiomáint (1929).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gineadóir leictreastatach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 316.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |