Gerris lacustris
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Hemiptera |
Fine | Gerridae |
Treibh | Gerrini |
Géineas | Gerris |
Speiceas | Gerris lacustris (Linnaeus, 1758) |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Cimex lacustris |
Is speiceas de scinnire locháin é Gerris lacustris, ar a dtugtar scinnire locháin coiteann, a fhaightear ar fud na hEorpa.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn tomhais éagsúla idir 8 mm agus 10 mm ag na scinnirí locháin seo. Tá cruth a gcorp an-chaol agus fadaithe. Tá sé chos acu; tá an chéad péire gearr agus ramhar agus tá an dá phéire eile tanaí agus fadaithe a úsáidtear chun bogadh thar dhromchla an uisce ar a dtugaimid "siúl ar uisce". Úsáidtear an chéad phéire cosa chun a chreiche a choinneáil, cuireann an péire láir an scinnire feadh dhromchla an uisce le gluaiseacht rámhaíochta nó léime, agus úsáidtear an péire cúil mar stiúracha. Tá corp iomlán G. lacustris lena n-áirítear a chosa clúdaithe le go leor ribí bídeacha a bhfuil sciath céir-chosúil orthu. Tá dath donn dorcha ar G. lacustri. Tá baill an bhéil an-láidir i gcomhair súraic, ar a dtugtar rostram nó gob.
Atáirgeadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is gnách go mbíonn baineannaigh G. lacustris i bhfad níos mó ná na fireannaigh agus tá an ráta táirgthe uibheacha teoranta ag an méid acmhainní bia atá ar fáil do na baineannaigh; dá mhéad bia atá ann is ea is mó uibheacha a leagann an baineannach. Tagann nascinnirí locháin fásta chun cinn timpeall Aibreán agus Bealtaine. Is thart ar an am seo a leagann baineannaigh uibheacha nuair a théann na huibheacha faoi phróiseas a thógann thart ar 12 go 14 lá le forbairt sula mbíonn siad in ann gor. Ní gá go leanann goir na huibheacha nuair a bhíonn a bhforbairt críochnaithe; Braitheann goir go mór ar an teocht a fhaigheann an ubh ina timpeallacht. Tar éis goir, téann G. lacustris trí phróiseas forbartha eile ar a dtugtar meiteamorfóis anfhoirfe. Sa phróiseas seo, téann na larbhaí nó na nimfeacha ar aghaidh trí shraith folta arb iad céimeanna ar a dtugtar go bunúsach ionstáirí. Tá cúig ionstáir sa phróiseas forbartha, agus tá gach ceann acu de réir a chéile níos faide ná an ceann roimhe. Maireann an próiseas meiteamorfóise neamhiomlán de ghnáth thart ar 24 go 30 lá chun larbhaí a bheith ina n-ainmhí fásta. Fadaíonn fireannaigh G. lacutris a chúplála i láthair fireannaigh eile toisc go bhfuil siad ag cosaint a bhaineannaigh ó chiapadh ó na fireannaigh eile.[1] Fuarthas amach go mbíonn tionchar ag fireannaigh ar fhad na cúplála agus go mbíonn tionchar ag baineannaigh ar mhinicíocht na cúplála.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ L. Kulzer (1994). "Water Striders, family Gerridae". Scarabogram 169: 3–4.
- ↑ Encyclopedia of Life