Geoffroi de Villehardouin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1148 Aube, An Fhrainc |
Bás | 1213 64/65 bliana d'aois |
Maréchal de Champagne | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, croiniceoir, staraí |
Teangacha | An Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | ridire |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Channe de Villemaur Chane de Lezinnes |
Páiste | Erard I de Villehardouin, Sire de Lezinnes ( Channe de Villemaur) |
Athair | Vilain de Villehardouin, Sire de Villehardouin agus Dameron |
Croiniceoir agus ridire Francach ab ea Geoffroi de Villehardouin. Do rugadh thart ar an mbliain 1150 é agus do fuair sé bás idir Mí na Nollag insan mbliain 1212 agus Mí an Mheithimh insan mbliain 1218.[1] Mar chniocht, do chuaigh Geoffroi de Villehardouin ar chrosáid agus do bhí sé páirteach i gconcas Iarúsailéim (1203 - 1204), rud a tharla i rith na Ceathrú Crosáide, agus i mbunú Impireacht Laidineach an Oirthir. Do deineadh Maréchal de Champagne (Gaeilge: 'Marascal Champagne') de Gheoffroi de Villehardouin agus dob é ina Mharéchal de Romanie (.i. 'Marascal d'Impireacht Laidineach an Oirthir') ina dhiaidh sin.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ón mbliain 1207 go dtí an bhliain 1213, do scríobhadh Geoffroi de Villehardouin De la Conquête de Constantinople (Gaeilge: 'Fé Choncas Chathair Chonstaintín'), croinic a insíonn stair na Ceathrú Crosáide agus a thugann léargas dúinn ar eachtraí a tharla idir an bhliain 1198 agus an bhliain 1207 go háirithe. Ba i Sean-Fhraincis a scríobh Geoffroi de Villehardouin an chronic seo agus tá clú agus cáil uirthi de bharr chumas a scríbhneoireachta.
Ón 19ú haois amach, do chuir staraithe áirithe ar Gheoffroi de Villehardouin nach ndúirt sé an fhírinne ghlan maidir leis an gCeathrú Crosáid insan gcroinic a chum sé fúithi: Dar leis na staraithe siúd, ba é de dheasca comhcheilge réamhbheartaithe - comhcheilg a raibh muintir na Venéise nó daoine Gearmánacha thaobh thiar di - a chuaigh an Ceathrú Crosáid ar strae agus de dheasca na comhcheilge chéanna a deineadh dearmad ar an aidhm a bhí mar bhunús leis an gcrosáid leis. Ní dhéanann Gheoffroi de Villehardouin aon trácht ar a leithéid de chomhcheilg agus síleann na staraithe sin nach ndéanann sé aon trácht uirthi toisc go raibh sí á ceilt aige, nó toisc nach raibh sé ar an eolas fúithi fiú. Ní aontaíonn gach staraí leis an ndearcadh san, áfach; ceapann go leor staraithe nach raibh aon chomhcheilg ar bun le linn na Ceathrú Crosáide agus, fiú dá mba rud é go raibh a leithéid de rud ar siúl, ceapaid nár dhein Geoffroi de Villehardouin aon iarracht rudaí a cheilt, ná a athrú, agus a chroinic á scríobh aige.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Jean Longnon, Les Compagnons de Villehardouin : Recherches sur les croisés de la quatrième croisade (Genève: Droz, 1978), lch. 26, 32.