Gentiana
Appearance
ceadharlach Bealtaine | |
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Gentianales |
Fine | Gentianaceae |
Géineas | Gentiana L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Gentiana lutea |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Gentius |
Géineas plandaí is ea Gentiania (nó ceadharlaigh sa Ghaeilge), a bhíonn ilbhliantúil den chuid is mó, agus a fhaightear i ngach tír, beagnach, ach amháin san Afraic. Cuid mhaith díobh, is alpaigh iad a fhásann go híseal. Na duilleoga urchomhaireach iomlán. Na bláthanna roinnt ceintiméadar ar fhad, tonnadóirchruthach nó clogchruthach, go minic le feadáin fhada is 5 mhaothán leata, de ghnáth dúghorm ach uaireanta bán, buí nó dearg. Úsáidtear na fréamhacha le searbháin a dhéanamh. I measc na speiceas is mó aithne orthu tá an ceadharlach buí (Gentiana lutea, lus), lus an chrúbáin (G. campestris) agus an muilcheann (G. amarella).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceadharlach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 123.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |