Geimhreadh na bliana 1946/1947 sa Bhreatain agus in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGeimhreadh na bliana 1946/1947 sa Bhreatain agus in Éirinn
CineálGeimhreadh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama1946-1947 one-year-period (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Geimhreadh na bliana 1946/1947 sa Bhreatain agus in Éirinn thar a bheith fuar, rud a bhí neamhghnách amach is amach. Bhí an aimsir feanntach agus oighreach timpeall na hEorpa chomh maith, agus na dálaí maireachtála go hainnis. Bhí an Cogadh Fuar ar tí tosú.[1]

Maireann an "Sneachta Mór" i gcuimhne na ndaoine. Thosaigh sé ag cur sneachta timpeall 23 Eanáir 1947. Chuaigh an aimsir ó mhaoil go mullach ar an 25 Feabhra 1947, lá an "tSneachta Mhóir" in Éirinn, nó 'siocán a mhair cúpla mí' sa mbéaloideas[2][3][4] (i ndáiríre thosaigh an sneachta ag leá i lár Mhárta).[1]

Meánteochtaí i bPáirc an Fhionnuisce, BÁC os cionn an mheáin / faoi bhun mheáin le linn 1994/1947 (sonraí : met.ie)

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

1947, , Castle Hill, Huddersfield
Newsome chuig Hall Bower

Sna míonna ag tús na bliana 1947 bhí ceann de na tréimhsí fuachta b'fhaide a tharla sa chéad, agus thit sneachta i bhformhór na tíre ó dheireadh mhí Eanáir go dtí lár mhí Márta.[5][6]

Cé go rabhthas tar éis sneachtaí indibhidiúla níos troime a thuairisciú, go háirithe i mí Eanáir 1917, ní raibh aon am eile cóngarach don am ina raibh aimsir chomh fuar ann a mhair ar feadh tréimhse chomh fada céanna.

Tar éis fómhar tubaisteach sa bhliain 1946 agus síneadh a cuireadh le ciondáil bia agus breosla mar gheall ar an gcogadh, bhí an saol an-dian ar dhaoine ar fud na tíre sa mhéid gur cuireadh isteach ar shaoráidí cumarsáide agus iompair ar feadh cúpla seachtain.

Faoi thús mhí Feabhra bhí daoine ag scátáil ar lochanna reoite agus lean an fuacht gan staonadh go dtí lár mhí Márta.[6][1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Dean Ruxton (2 Márta 2018). "Big Snow of Ireland 1947: Death, isolation and entire towns snowed in" (en-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-02-25.
  2. "Sonraí an Agallimh | Bealoideas.com". www.bealoideasbeo.ie. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  3. "An Sneachta Mór" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  4. "Sneachta Mór" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  5. met.ie. "climate of Ireland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-15. Dáta rochtana: 2022.
  6. 6.0 6.1 met.ie. "Sneachta in Éirinn". Dáta rochtana: 2022.