Geata San Audoen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Geata San Audoen ann ná geata isteach go Baile Átha Cliath trí bhallaí na cathrach meánaoisí. Tá Geata San Audoen Ionnaithe taobh thiar d'Eaglais San Audoen, eaglais a tógadh sa bhliain 1190, díreach 20 bliain i ndiaidh choncas na nAngla-Normannach. Is í seo an eaglais pharóiste is sine i mBaile Átha Cliath atá fós in úsáid. Tá an eaglais in úsáid mar ionad adhartha ag Eaglais na hÉireann. Tá leaca uaighe ó ré na meánaoise ar chuid d'urlár na seaneaglaise Normannaí.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-alt seo bunaithe ar chomharthaí poiblí de chuid na Comhairle Cathrach.