Garda Síochána
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | póilíní póilíní náisiúnta | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | Constáblacht Ríoga na hÉireann Póilíní Chathair Átha Cliath | ||||
Dáta a bunaíodh | 22 Feabhra 1922 | ||||
1923 | Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Coimisinéir an Gharda Síochána | Drew Harris | ||||
Líon fostaithe | 12,816 | ||||
Fochomhlacht | |||||
Suíomh gréasáin | garda.ie | ||||
Is é An Garda Síochána an fórsa póilíneachta náisiúnta i bPoblacht na hÉireann.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]An 22 Feabhra 1922, bunaíodh an “Civic Guard”. An Garda Síochána a tugadh orthu ar an 8 Lúnasa 1922.[1]
D'éirigh na Gardaí neamharmtha níos déanaí. Ainmníodh Eoin Ó Dubhthaigh (nó Eoin O’Duffy) ina choimisinéir ar an nGarda an 11 Meán Fómhair 1922.
An 17 Iúil 1924,[2] achtaíodh Acht an Ghárda Síochána, 1924, bonn dlíthiúil buan don fhórsa.[3]
An 22 Feabhra 1933, tugadh bata agus bóthar don Dubhthach.[4]
Is é Drew Harris Coimisinéir an Gharda Síochána ó Mheán Fómhair 2018. Bhí taithí ag Harris ar sheirbhís phóilíneachta a chur ar mhalairt treo. Chuaigh sé san RUC i 1983 agus d’fhan sé sa tseirbhís nuair a bunaíodh an PSNI ina áit.[5],[6] Bhí os cionn deich mbliana curtha isteach aige i gceannaireacht an PSNI mar Phríomhchonstábla Cúnta agus mar Leas-Phríomhchonstábla ó 2014 go dtí 2018.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na príomhfheidhmeann atá ag An Garda Síochána ná:[7]
- An choiriúlacht a aimsiú agus a chosc;
- Slándáil na tíre a chinntiú;
- Méid na ngortuithe marfacha agus dáiríre ar na bóithre a ísliú agus sábháilteacht bhóthair a fheabhsú;
- Obair a dhéanamh le pobail chun cosc a chur ar an iompar frithshóisialta
- Cur chuige idirghníomhaireachta maidir le réiteach fadhbanna agus caighdeán na beatha i gcoitinne a chur chun cinn.
Is é an Rialtas a cheapas Coimisinéir an Gharda Síochána agus tá sé nó sí freagrach don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
Roinntear an tír i sé réigiún a bhfuil gach ceann díobh faoi smacht Choimisinéara Chúnta. Tá méid áirithe Rann i ngach réigiún agus gach ceann díobh faoi cheannas Ard-Cheannfoirt. Laistigh de gach Roinn tá roinnt Ceantar a bhfuil Ceannfort i gceannas ar gach ceann díobh.
An 31 Nollaig 2005, bhí 12,265 Garda (gach grád) ar an bhfórsa.
Céim | Méid fostaithe (31 Nollaig 2015) |
---|---|
Coimisinéir | 1 |
Leas-Choimisinéir | 2 |
Cúntóir-Choimisinéir | 5 |
Príomh-Cheannfort | 42 |
Ceannfort | 160 |
Cigire | 247 |
Sáirsint | 1,835 |
Gardaí | 10,524 |
Gardaí Ionaid | |
Mac Léinn Ghardaí |
Tá Ceanncheathrú an Gharda Síochána i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil
- Tuarascáil Bhliantúil An Garda Síochána 2005
- Acht Có-Nasctha Na Bhfórsaí Póilíneachta, 1925 Curtha i gcartlann 2006-07-25 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ National Library of Ireland. "Eoin O'Duffy Papers (lch 4)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-09-24. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Scoil Dlí, COBAC (2020-07-17). "Acht an Ghárda Síochána, 1924, bonn dlíthiúil buan don fhórsa" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-07-18.
- ↑ Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT AN GHÁRDA SÍOCHÁNA, 1924" (ga). achtanna.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-17. Dáta rochtana: 2020-07-18.
- ↑ Ón 20 Iúil 1933 amach, bhí sé i gceannas ar an "nGarda Náisiúnta", eagraíocht de chineál faisisteach sna 1930idí a thugtaí "na Léinte Gorma" orthu i mbéal an phobail, an mílíste a chuir cosaint ar fáil do bhaill Chumann na nGaedheal
- ↑ "Cé hé Drew Harris, Coimisinéir nua an Gharda Síochána?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-22.
- ↑ "Ceisteanna go leor gan freagairt i dtaobh Drew Harris" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-22.
- ↑ "Eagraíocht" (en). Garda. Dáta rochtana: 2020-02-22.
Garda Síochána na hÉireann | Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |