Jump to content

Drew Harris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDrew Harris

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Aibreán 1965
60 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Coimisinéir an Gharda Síochána
Meán Fómhair 2018 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata

Coimisinéir an Gharda Síochána na ea Drew Harris ó Mheán Fómhair 2018 go mí Lúnasa 2025.[1] Bhí Drew Harris ina chéad choimisinéir riamh ar na Gardaí a ceapadh gan seal a bheith caite aige sa bhfórsa.[2]

Comhairle na Míre Gaile - 8 Samhain 2024 - Teach Farmleigh

Bhí taithí ag Harris ar seirbhís phóilíneachta a chur ar mhalairt treo. Chuaigh sé san RUC sa bhliain 1983 agus d’fhan sé sa tseirbhís nuair a bunaíodh an SPTÉ ina áit.[3],[4] Bhí os cionn deich mbliana curtha isteach aige i gceannaireacht an SPTÉ mar Phríomhchonstábla Cúnta agus mar Leas-Phríomhchonstábla ó 2014 go dtí 2018. B’ábhar aighnis cúlra Harris sa phóilíneacht sna sé chontae le linn a ré mar choimisinéir. Cáineadh é as an mbaint a bhí aige le cásanna faireachais agus claonpháirteachais le linn na coimhlinte ó thuaidh agus sna blianta ina diaidh.

Ceapadh Harris in 2018 chun gairmiúlacht an fhórsa a fheabhsú agus chun dul i mbun an nuachóirithe. Rinneadh Harris dul chun cinn i bhfreagracht inmheánach na nGardaí a fheabhsú, lena n-áirítear bearta smacht agus ionchúisimh i ngeall ar chaimiléireacht. Ach sna 2020idí d'éirigh gnáth-Ghardaí amach i gcoinne Harris. Chuir tromlach ollmhór de Chumann Ionadaíochtana an Gharda Síocha a n-easpa muiníne in Harris in iúl ag a gcomhdháil in 2023. Cháin ionadaithe ghnáthbhaill na nGardaí Harris as múnla rannáin póilíneachta a úsáidtear sa Ríocht Aontaithe a chur i bhfeidhm, rud a dúradh a rinneadh beag is fiú den phóilíneacht phobail agus a chothaigh cultúr ceannaireachta maorlathach.[5]

Tá sé le dul ar scor ar 1 Meán Fómhair 2025. Tháinig Justin Kelly i gcomharba ar Drew Harris.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Eagraíocht" (en). Garda. Dáta rochtana: 2020-02-22.
  2. 1 2 Nuacht RTÉ (2025-07-29). "Leas-Choimisinéir Justin Kelly ina Choimisinéir nua ar na Gardaí" (as ga-IE).
  3. "Cé hé Drew Harris, Coimisinéir nua an Gharda Síochána?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-22.
  4. "Ceisteanna go leor gan freagairt i dtaobh Drew Harris" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-22.
  5. Kerron Ó Luain (2025-08-01). "Deireadh le ré Drew Harris mar Choimisinéir na nGardaí agus Justin Ó Ceallaigh tagtha i gcomharbacht air – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-08-04.