Gaotha aniar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Na príomhghaotha a shéideann sna meándomhanleithid 30-60° ó dheas is ó thuaidh ón meánlíne. Sa leathsféar thuaidh is aniar aneas a bpríomhthreo, agus sa leathsféar theas aniar aduaidh. De bhrí nach bhfuil an oiread sin talún sa leathsféar theas, bíonn na gaotha seo an-láidir, agus tugtar na Roaring Forties orthu as na domhanleithid ghinearálta a dtarlaíonn siad iontu.