Gaoth anabatach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaoth in aghaidh fána a fhorbraíonn i ngleann. I rith an lae, téitear an t-aer atá i dteagmháil le taobhanna an ghleanna níos mó ná an t-aer ag an leibhéal céanna os cionn urlár an ghleanna. Tosaíonn sruth comhiompair, an t-aer ag éirí os cionn an fhána, agus aer níos fuaire ag sreabhadh ó urlár an ghleanna suas an fána. Is féidir luas gaoithe suas le 15 m s-1 a fháil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gaoth anabatach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 305.