Galbhánaiméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionstraim chun sruth leictreach a bhrath is a thomhas. Sa ghalbhánaiméadar luailchorna, bíonn buanmhaighnéad agus na poil gearrtha go ciorclach ionas gur féidir leis an luailchorna rothlú gar dóibh. Nuair a ritheann sruth sa chorna, rothlaíonn sé thart ar a mhaighdeog. Bíonn snáthaid greamaithe den chorna, a rothlaíonn thar scála cuarlíneach. Bíonn lingeán ceangailte leis an gcorna chun an tsnáthaid a thabhairt ar ais chuig pointe nialais an scála nuair nach bhfuil aon sruth ag rith sa chorna. Grádaítear an scála in aonaid srutha, aimpéir nó miollaimpéir. Tá galbhánaiméadair eile in úsáid chomh maith, an galbhánaiméadar luailmhaighnéid is an galbhánaiméadar balaistíoch.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmnithe as Luigi Galvani, a shaothraigh an méadar ar dtús.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Galbhánaiméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 303.