Gaistrin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Hormón, ar peiptíd é, a tháltar sa ghoile mar fhreagairt ar phróitéin a bheith i láthair sa phíolóras agus méadú i minicíocht dhíluchtú na néaróige vagasaí. Spreagann sí cealla pairiatacha an ghoile chun aigéad hidreaclórach a thál trí hiostaimín a fhuascailt ó chealla (hiostaimínicítí) gar dóibh. Tá sí i láthair sa dúidéineam, an fhaireog phiotútach, agus an inchinn (áit ar féidir go bhfeidhmíonn sí mar néaratharchuradóir).