Gaireas cuasánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chuid den chluas inmheánach a bhaineann le cothromaíocht fhisiciúil an ainmhí. Sraith spás is feadán taobh istigh de chnámh na huisinne sa bhlaosc is ea é. Tá dhá chuas ann, an sacúl is an t-uitrín, agus 3 chanáil leathchiorclach le leathnú, nó ampaill, ag ceann amhaín díobh. Taobh istigh den dá chuas, tá dhá mhacúl agus struchtúir chosúla a dtugtar criostaí orthu i ngach ampaill. Orgáin a bhraitheann gluaisne is ea iad seo, gach ceann acu mar a bheadh sorcóir glóthaí ina bhfuil roinnt otailití criostalta, ag seasamh ar an mballa cnámhach is a bhun ceangailte le néarchinn ribíneacha. Nuair a ghluaiseann an ceann gluaiseann na horgáin seo, agus cruthaítear néar-ríoga a théann don inchinn ar feadh na néaróige cuasánchochlaí. Eolas ar ghluaisne líneach is claonta an chinn a thagann ó na macúil sa dá chuas, agus eolas ar ghluaisne uilleach is rollach an chinn a thagann ó na criostaí sna canálacha. Spreagann na comharthaí seo a shroicheann an inchinn — agus mothú comhfhiosach gluaisne an chinn, ar ndóigh — gluaisní athfhillteacha sna súile, an stoc, is na géaga, chun cothromaíocht fhisiciúil na colainne a chothú.