Gaiméitifít
Cuma
An ghlúin ghnéasach i mbeatha planda, an ghlúin haplóideach mar a dtáirgtear na gaiméití. Is í seo an chuid is mó de bheatha na n-algaí is na gcaonach. Is cuid bheag í de bheatha na raithní, mar a mbíonn na gaiméití saor ón bplanda, agus de bhrí go dtriomaíonn siad go héasca, is fearr dóibh gnáthóg fhliuch. Maidir le plandaí bláfara, is iad feadán na pailine agus sac an tsutha a sheasann don ghaiméitifít.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gaiméitifít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 299.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |