Gailearaí Uffizi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gailearaí Uffizi
Radharc ar an halla mór. Ar tús bhí taipéisí ar crochadh ar na ballaí.

Músaem ealaíne iomráiteach atá suite in aice Piazza della Signoria i lár Fhlórans, sa Tuscáin, san Iodáil, is ea an Gailearaí Uffizi (Iodáilis: Galleria degli Uffizi, IPA: |ɡalleˈriːa deʎʎ ufˈfittsi|).

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuairteoirí ag breathnú ar Tondo Doni, péintéireacht de chuid Michelangelo. Tá an Uffizi rangnaithe mar an 25ú músaem ar liosta na músaeim is mó cuairteanna ar domhan, agus timpeall ar 2 mhilliún cuairteoirí air sa bhliain.

Cuireadh tús le tógáil an choimpléics Uffizi faoi stiúradh Giorgio Vasari sa bhliain 1560 ar son Cosimo I de' Medici chun oifigí a sholáthar do ghiúistísí Fhlórans, an chúis a tugadh uffizi ("oifigí") mar ainm air. Leanadh den tógáil faoi Alfonso Parigi agus Bernardo Buontalenti agus críochnaíodh é sa bhliain 1581. Tá an cortile (clós na Uffizi) cúng fada, agus tugann sé duine amach chun na habhann Arno ar thaobh amháin den chlós trí scáileán colún Dórach.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]