Gaibhniú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Múnlú miotail as píosa amháin trí chasúr a oibriú ar an miotal téite bogtha chun go nglacann sé an cruth is gá, nó an píosa miotail bhogtha a bhualadh le casúr isteach i ndísle den chruth a theastaíonn. I bplancghaibhniú, ligtear don chasúr nó an dísle, ualaithe go trom, titim ar an bpíosa miotail théite atá le múnlú. I ngaibhniú turrainge, taistealaíonn dhá dhísle faoi luas ón dá thaobh den phíosa miotail théite atá le gaibhniú. I ngaibhniú rolla, ritear stiall miotail bhogtha idir díslí sorcóireacha le híslithe báite.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gaibhniú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 299.