Jump to content

GaelGoer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
GaelGoer

Cineálaip meán sóisialta agus comhphobal ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe teicniúla
ArdániOS agus Android
Formáidíoslódáil digiteach
Gléas ionchuirscáileán tadhaill
Foireann
DáileoirApp Store agus Google Play
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáingaelgoer.ie (an Ghaeilge) Cuir in eagar ar Wikidata


Instagram: gaelgoer Cuir in eagar ar Wikidata

Is aip fóin póca é GaelGoer, atá ar fáil saor in aisce, agus a thugann deis do dhaoine le Gaeilge teacht le chéile agus cumarsáid a dhéanamh.

Seoladh an chéad leagan de GaelGoer in 2022. Is comhlacht cláraithe é GaelGoer. Is iad Luke Middleton agus Nóirín Ní Bhraoin an bheirt chomhpháirtithe sa gcomhlacht.

Is saineolaí teicniúil é Luke agus comhbhunaitheoir den chomhlacht DataDyne Consulting. Is iarmhúinteoir bunscoile agus Príomhshíceolaí ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath í Nóirín Ní Bhraoin. Bronnadh bonn óir ar Luke mar gheall ar an aip a dhear sé mar chuid den chéim mháistreachta i gColáiste na Tríonóide.[1]

Is obair dheonach atá ar siúl ag gach duine atá ag cabhrú leo ar GaelGoer.

Bronnadh Séala Eorpach Teanga 2019 ar GaelGoer agus dhá bhonn óir ó Ghlór na nGael in 2022.

Is é an aidhm atá ag GaelGoer labhairt na Gaeilge, ar gach leibhéal, a chur chun cinn trí chainteoirí Gaeilge a chur i dteagmháil lena chéile trí fheidhmeanna GaelGoer, feidhmiúlachtaí a bhí roghnaithe sa taighde ag cainteoirí Gaeilge. Leis an aidhm seo a chur i gcrích tá trí fheidhm ag GaelGoer:

  1. IMEACHTAÍ: Cuireann GaelGoer cainteoirí Gaeilge ar an eolas faoi imeachtaí as Gaeilge ar fud na tíre agus thar lear.
  2. ANSEO: Tá mapa le siopaí, oifigí, caiféanna srl ina mbíonn seirbhís trí Ghaeilge ar fáil,
  3. LÁMH SUAS a thugann an deis dul i dteagmháil, ar théacs, le cainteoirí Gaeilge atá cláraithe leis an aip, in áiteanna ar fud an domhain.

Is féidir GaelGoer a íoslódáil saor in aisce ó na haipmhargaí. Tá GaelGoer ar Instagram agus ar Facebook.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. An Páipéar (2024-11-10). "Gaelgoer: Aip saor in aisce le Gaeil a chur in aithne dá chéile". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-11-10. Dáta rochtana: 2024-11-10.