Gaeilinn na nDéise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Canúint na Gaeilge labhraítear sa Rinn agus sa tSean-phobal í Gaeilinn na nDéise [ɡelʲɪɲ n̪ˠə nʲeʃə]. Canúint na Mumhan í. Is í an chanúint is cosúla le sean-chanúint an Laighin agus Osraí.

Tréithe Gaeilinn na nDéise[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cuirtear béim ar an nguta fada, fiú uair nách é an chéad ghuta sa bhfocal é.
  • Thá in áit "tá"
  • Fuaimnítear an -igh/-idh i ndeireadh an fhocail go minic mar a bheadh -ig ann. [ɪɟ]
  • Bíonn an d' san aimsir caite séimhithe, mar dh'.
  • Bíonn caidé gearrtha go
  • Is minic a bhíonn -te-ta i ndeireadh an fhocail séimhithe, mar shampla scríobhtha.
  • Úsáidtear go, agus araile in áit gur, níor mar mhíreanna briathartha fiú más briathar rialta atá i gceist: Agus bíonn dh' in áit -r roimh guta ní chaitheas in áit níor chaith mé, ní dh'ólas in áit níor ól mé.
  • Nín in áit agus níl, mar shampla nín gall mé le haghaidh ní gall mé.
  • Buil in áit bhfuil m.s buil sé héin stigh ? an bhfuil sé féin istigh?
  • Nach le haghaidh ach.
  • Ní úsáidtear an tuiseal ginideach baninscneach ach i sean-fhoirmeanna igint. Cró an tsnáthaid, muintir an tSean-phobal, nach Gaeilinn na Rinne (mar sean-fhoirm).
  • Tógann c agus p roimh ag, de, do, fé, go dtí, i, trí tar éis an. mar shampla tríd an choláisde, sa pharóiste, don chat. Nach don mbainne.
  • Chún adeirtear go minic le chomh agus chun, mar shampla chón maith.
  • Fuaimeanna ná fuaimnítear, scríobhadh de ghnáth mar shampla anso iad mar a bhíonn siad scríobhtha sna lámhscríbhinní, i bhlach i bhfolach, freach fuireach, próiste paróiste, trim tirim, agha aghaidh (nach í sa bhfrása le haghaidh, le h-í), anú ar ndóigh, crí', crích, faor faobhar, sléite sléibhte, uibhe.
  • Athraíodh -th leathan i ndeireadh an fhocail go ch, mar shampla fuaimnítear dath mar dach, rith mar rioch.
  • Deirtear uair in áit nuair
  • Sa chéad phearsa uimhir iolra, aimsir chaite den mbriathar. Athraíodh chaitheamair, dhéineamair, rabhamair dtí chaitheamar, dhéineamar, rabhamar etc; -amar is mó a scríobhtar agus adeirtear.

Sleachta béaloidis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Peaid Glas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí fear de-sna Maonaíonta ó Chluain Fhiadh. Bhí sé ag tarraint móna ó Léim Uí Bhriain lá. Chasadh ceann de-sna Gearaltaigh air. Dh'fhiarthaigh sé dhe an bhfeadair sé aoinne a bheadh prátaí le díol aige. Dúirt sé go raibh age Peaid Glas.

Chasadh Peaid air.

'A Pheaid,' ar sé sin, ' 'buil ao' phrátaí le díol agat ?'

"Nín', ar sé sin.

Dh'imigh sé leis. Chasadh fear eile air.

"Shíl mé', ar sé sin, 'go raibh prátaí le díol age Peaid Glas', ar sé sin.

'Thá', arsa'n fear leis. 'Dé chiall ?'

'Dh'fhiarthaigh mé dhe é, agus dúirt sé ná raibh'.

'Dén ainm a ghlaoigh tú air ?'

'Ghlaoigh mé Peaid air.'

'Ó, ní' bheag san', ar sé sin.

Uair a bhí sé ag teacht thar n-ais:

'Bhuel, a Phádraig Uí Fhloinn', ar sé sin, 'shíl mé ná 'neosfá éitheach dom. Dh'airigh mé go raibh prátaí agat le díol'.

'Ó thá, agus gheobhaidh tú iad is fáilthe', ar sé sin leis.

Fuair sé na prátaí. Mar aoinne a ghlaofadh 'Peaid' air, bheadh sé chón maith dhuit 'Glas' a reá le 'Peaid'.

Foclóirín[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • ábhar m.s ar a ábhar héin mar ba mhaith leis
  • ábhraigh m.s dh'ábhraigh an chnea d'éirigh an chneá tinn
  • aireachasairdeall aire, m.s bí san airdeall bí ar t'aire
  • amadántúlacht amaidí
  • ansacht grá
  • briocast bricfeasta
  • brus smidiríní, dusta
  • caistín duine beag cancrach
  • chuigint ar chor ar bith, in aon chor
  • cearr carr, mótar, gluaisteán
  • comáint tiomáint
  • comhaidiútar cúntóir a bhfuil an chumhacht chéanna an ard-duine aige
  • concas gabháltas, cuireann éadaí deasa concas ar daoine, caitheann siad an iomarca airgid orthu.
  • conlán m.s ar a chonlán héin gan aon duine leis san obair
  • consaigh tabhair fé dheara
  • cuibheasach sách, iontach
  • cúnntúirt dainséar
  • créatúil fé chuma mhaith
  • croíléiseach áthasach
  • cuingir ceangal
  • dada faic, tada
  • damaid seachas
  • daochaint dóthain
  • dearúd dearmad
  • dé chúis caidé an chúis, cén fáth, cén t-údar, cad chuige, canathaobh, tuige
  • dibheairsean atreorú
  • díogha an rud nó an ní is measa
  • diúdarnaíl ag titim don chodladh
  • dortha tuirseach, breán
  • eadra um a haon déag ar maidin
  • éagasc cuma, dealramh
  • feadair m.s ní fheadair mé níl fhios agam
  • fiannaí sean-chaí
  • fuarchúiseach gan suim, neamh-spéisiúil
  • geard gairdín
  • gotha cuma, slí
  • ilimir ildathach
  • imeagla eagla mhór
  • inniúil ábalta, réidh, bailithe
  • íospairt drochúsáid
  • laochas bród
  • leánmhar tinn, pianmhar
  • leis freisin, fosta
  • lógóireacht ag gol go h-ard, olagón
  • maoltha bogtha
  • mothall ceann mór gruaige
  • neamh-cheart mícheart
  • neomat nóiméad
  • ollshaoiste tonn an-mhór, súnámaí
  • rabhait tamall m.s rabhait na Féile Pádraig, drochaimsir
  • 'reán arán
  • saghas sórt, cineál
  • scairbheach an chuid don trá a bhíonn fé chlocha móra, in aice na faille
  • sciamhach álainn
  • smeachán braon beag dí
  • snoite an-tánaí, cuma an bháis air, pléite
  • sonnda láidir
  • sóinnseáil athrú
  • spéiriúil aerach, geal, solasmhar
  • spreasán duine gan mhaith
  • stáir m.s ar na stártha ar mórmheisce
  • stróinnséir strainséir
  • sumans toghairm
  • teanntásach ceanndána
  • tigh teach
  • tnáith tuirsigh
  • tosnú tosú
  • trálach pian i gcaol na láimhe
  • treighid pian obann sa mbolg
  • tréipéiseach stróinéasach
  • trúig cúis, fáth
  • tul m.s tul toinne barr toinne
  • uamhan eagla, m.s uamhan clóis clástrafóibe

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]