Jump to content

Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó GCC)
Bosca Sonraí EagraíochtaGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
Sonraí
Cineálgníomhaireacht rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrecaomhnú an chomhshaoil Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinhttp://www.epa.ie
Twitter: EPAireland Instagram: epaireland LinkedIn: environmental-protection-agency-ireland Youtube: UCPft0ga_GXLOaaRSuG_PIYQ Cuir in eagar ar Wikidata
Tá an GCC suite in aice le Johnstown Castle, Loch Garman

an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nó an GCC (EPA nó Environmental Protection Agency of Ireland) freagrach as an gcomhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú do mhuintir na hÉireann, agus an comhshaol a chosaint ó éifeachtaí díobhálacha na radaíochta agus an truaillithe.[1]

Tá réimse leathan freagrachtaí ag an GCC, ina measc...

  • Ceadúnú (gníomhaíochtaí tionsclaíocha, an diantalmhaíocht, rialaithe Orgánach Géinmhodhnaithe, foinsí radaíochta ianúcháin, scardadh dramhuisce agus mar sin de).
  • Bainistíocht Uisce ̈(mar shampla, monatóireacht, anailís, tuairisciú srl)
  • Rialú Astaíochtaí na nGás Ceaptha Teasa
  • Cosaint Raideolaíoch
  • Forfheidhmiú Náisiúnta i leith Cúrsaí Comhshaoil, Taighde, Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Oideachas, Múscailt Feasachta agus Athrú Iompraíochta, agus mar sin de.

Athrú aeráide in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]
astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an duine, Éire (líne ard), AE-27 agus an domha (líne íseal).[2]

De réir fhigiúirí foilsithe ag an nGCC i mí Iúil 2022, bhí an sceitheadh gáis in Éirinn 5% níos airde sa bhliain 2021 [3]i gcomparáid le 2020, agus 1% in aghaidh 2019.[4][5]

De réir an GCC, bhí "trí oiread" guail agus ola á dó le leictreachas a ghineadh agus bhí baint mhór aige sin leis an ardú ar astaíochtaí. 18% d’ardú a tháinig ar leibhéal na ngásanna á sceitheadh as earnáil an ghinte leictreachais.

Tháinig 3% d’ardú ar an sceitheadh de bharr na feirmeoireachta — ardú an dara bliain as a chéile. Scaipeadh 6% sa mbreis leasú saorga le linn an ama sin, agus cuireadh 3% sa mbreis le líon na mbeithígh bhainne in Éirinn. Tháinig méadú ar líon na mbeithíoch sin gach bliain... le 11 bliain anuas.[5]

D'fhoilsigh an GCC tuarascáil ar 2 Meitheamh 2023,[6][7] a léirigh

  • Nach mbainfear amach an laghdú 51% ar ár n-astaíocht charbóin faoi 2030 atá mar sprioc reachtúil ag an rialtas.
  • Nach mbainfear amach ach oiread an laghdú 42% ar astaíocht atá mar sprioc éigeantach ag an Aontas Eorpach.
  • Nach mbainfear amach ach laghdú 29% de réir na straitéise atá i bhfeidhm.
  • Nach mbeidh aon dul as againn i gceann seacht mbliana, mura n-athraíonn lagchomhlíonadh Phlean Aeráide an rialtais, ach liúntais astaíochta a cheannach ó bhallstáit eile an AE.
  • Nach bhfuil ag éirí leis an stát an nasc idir fás eacnamaíochta agus astaíocht a bhriseadh.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Environmental Protection Agency. "Eolas Faoin EPA" (en). www.epa.ie. Dáta rochtana: 2022-07-21.
  2. Hannah Ritchie, Max Roser, Pablo Rosado (2020-05-11). "CO₂ and Greenhouse Gas Emissions". Our World in Data. 
  3. 61.5 milliún thona Mt CO2eq
  4. GCC (21 Iúil 2022). "Ireland’s Provisional Greenhouse Gas Emissions, 1990-2021". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Iúil 2022. Dáta rochtana: 22 Iúil 2022.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2022-07-21). "5% d'astú sa mbreis ar ghásanna ceaptha teasa" (as ga-IE). 
  6. epa.ie (Meitheamh 2023). "Ireland’s Greenhouse Gas Emission Projections". Dáta rochtana: 2023.
  7. Nuacht RTÉ (2023-06-02). "EPA ag rá nach mbainfear amach spriocanna aeráide" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2023-06-02). "EPA ag rá nach mbainfear amach spriocanna aeráide" (as ga-IE).