Gúbretha Caratniad
| Cineál | téacs |
|---|---|
| Príomhábhar | An Féineachas |
Cnuasach breithiúnas éagsúil is ea Bréagbhreitheanna Charadnia (Meán-Ghaeilge Gúbretha Caratniad). Is dócha dó dtéann na téacsanna féin siar go dtí an 9ú haois, ach na leaganacha atá caomhnaithe go dtí an 12ú haois.
Tugtar 51 breithiúnas ann, scríofa ag an mbreitheamh Caradnia, comhairleoir dlí an rí, Conn Cétchathach. Cuimsítear ina measc gach cineál dlí. Ní hionann ámh na breithiúnais agus gnáthnósanna dlí na hÉireann. Luaitear go sainráite an t-idirghníomhú idir Córas Dlí agus an Choróin, agus go háirithe seasamh an rí mar cheart cúitimh deiridh.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an téacs iomlán le fáil sa lámhscríbhinn Bodleian Library, MS Rawlinson B 502 den 12ú haois,[1]: 262 an scríbhinn is sine ina bhfuil téacs dlí caomhnaithe inti .[2]: 230 Is sách ard é iontaofacht an téacs sa scríbhinn úd.[3]: 304 Lena chois sin, tá gluaiseanna le fáil ann a luann luaththéacsanna eile.[1]: 262, 351 Is amhlaidh gur cóipeanna iad na gluaiseanna, nuair scríobhadh iad ar nua.[3]: 304
Tá téacs neamhiomlán de Gúbretha le fáil sa lámhscríbhinn Leabharlann Choláiste na Tríonóide LS 1363 [H 4. 22].[1]: 262
Tá an teideal tógtha as an incipit den téacs sa lámhscríbhinn Rawlinson: Gúbretha Caratniad Tescti in so[n 1][3]: 306 [1]: 262 [3]: 306
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bernhard Maier, Lexikon der keltischen Religion und Kultur, Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Robin Chapman Stacey, Dark speech: the performance of law in early Ireland, University of Pennsylvania Press, 2007.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Deirtear gur bhain Caradnia a leasainm amach tar éis dó bheith gearrtha nó gonta ag a mhuintir féin sular thóg Conn isteach ar altramas é.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ Kelly, Fergus (2002). "Ireland and Europe in the early Middle Ages: texts and transmissions": 230–242. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.
- 1 2 3 4 Thurneysen, Rudolf (1925). "Aus dem irischen Recht III: 4. Die falschen Urteilssprüche Caratnia's". Zeitschrift für celtische Philologie 15: 302–370. doi:.