Géinteiripe shómatach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coincheap gur féidir géin ar leith a chur isteach i gcealla sómatacha duine a bhfuil an ghéin sin lochtach aige nó as láthair. Bheadh sé i gceist an ghéin theiripeach a sheachadadh go díreach isteach sa cholainn in vivo, nó ar bhealach indíreach trí na cealla a bhaint as an gcolainn, na géinte teiripeacha a chur isteach iontu sa tsaotharlann, agus iad a chur ar ais sa cholainn ansin. Tá gealladh mór faoin bpróiseas seo, ach tuilleadh taighde le déanamh chun é a dhéanamh éifeachtach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Géinteiripe shómatach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 312.