Fuingicíd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fungasnimh)

Is éard is fuingicíd ann ná aon cheimiceán a úsáidtear chun na fungais, a dhéanann dochar do phlandaí, ainmhithe nó ábhair eile bia, a smachtú.[1] Tábhachtach chun smacht a chur ar bhruth rua i ngránbharra, dúchan prátaí, agus coincleacha ar thorthaí. Úsáidtear iad freisin chun fungais a mhilleann bia stóráilte nó a fhásann ar ainmhithe nó daoine a chealú. Go minic, comhdhúile le mearcairsulfar iontu a bhíonn sna fuingicídí.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “fungicide” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-05.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fungasnimh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 297.