Fuarstóráil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stóráil bianna so-lofa ag teocht rud beag os cionn an reophointe. Laghdaíonn an próiseas seo meath ó ghníomhú ceimiceach nó bitheolaíoch, agus ní dhéanann damáiste don bhia trí chruthú criostal oighir, mar a tharlódh dá reofaí an bia. Déantar an phróiseáil i bhfoirgnimh mhóra le haer fuar nó sáile imshruthaithe ó ghléasra lárnach oighrithe, a bhíonn taobh le monarcha déantúsaíochta nó pacála go minic, nó margadh mór lárnach. Cuirtear córas fuarstórála isteach go minic ar longa, trucailí is eitleáin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuarstóráil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 293.