Fuarú maighnéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníocht chun sampla a fhuarú chuig teocht chomh híseal le 10-3 K (an-ghar do -273 °C). Má fhuaraítear sampla paramaighnéadach ar bhealaí comhghnásacha is taobh istigh de réimse maighnéadach, agus ansin má chuirtear taobh istigh d'inslítheoir teirmeach é is má thógtar an réimse maighnéadach chun siúil, bíonn na móimintí aonaracha maighnéadacha saor chun dul trí chéile. Ach nuair a dhéanann siad amhlaidh, tógann siad fuinneamh teasa ón sampla, rud a fhuaraíonn é. Is próiseas aidiabatach é seo, mar ní shreabhann aon teas isteach sa sampla ná amach as.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuarú maighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 293.