Fuadach Tiede Herrema, 1975
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Aibreán 1921 Zuilen, An Ísiltír |
Bás | 24 Aibreán 2020 99 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | duine den lucht gnó |
D'fhuadaigh an tIRA an fear gnó agus tionsclaí, Tiede Herrema, ar 3 Deireadh Fómhair 1975 i Castletroy, Luimneach.[1][2]
Eachtra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Dochtúir Herrema, ón Ísiltír, ina Stiúrthóir Bainistíochta ar mhonarcha Ferenka a bhí lonnaithe in Áth an Choite, Co.Luimnigh. Ba ag dul ag a chuid oibre a bhí sé nuair a fuadaíodh é.[3]
Ar 21 Deireadh Fómhair, tháinig na Gardaí go tapa ar na fuadaitheoirí i deach leathscoite trí sheomra, ag 1410 Páirc Naomh Eimhín, Mainistir Eimhín i gContae Chill Dara.[4]
Thosaigh léigear fada; thug na húdaráis neamhaird ar éilimh na bhfuadaitheoirí.
Tharraing an scéal aird na meán ar fud an domhain ag an am agus tháinig lucht na meán cumarsáide ó chian agus ó chóngar chun tuairisciú a dhéanamh ar an eachtra agus chun an scéal mór a scaipeadh.[4]
Faoi dheireadh, bheartaigh an tArd-Cheannfort, Laurence Wren go dtabharfaí an t-íosmhéid bia do na fuadaitheoirí. Ansin ar an 7 Deireadh Fómhair 1975, thug na fuadaitheoirí iad féin ar láimh do na gardaí agus scaoileadh saor an giall. Coinníodh Herrema ar feadh 36 lá. Thángthas air slán sábháilte.
Na fuadaitheoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na fuadaitheoirí, Eddie Gallagher agus Marion Coyle.[5] Scaoileadh Coyle as an bpríosún in 1985, agus Gallagher in 1990.
Staróg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sular fhág na fuadaitheoirí an teach ar 7 Samhain 1975, thug Gallagher piléar beag singil do Herrema - an piléar céanna a bhí ag Gallagher chun a ghiall a mharú. Choimeád Herrema an piléar sin mar chuimhneachán ar an tréimhse sin ina shaol.
Ní raibh olc ar Herrema chuig na fuadaitheoirí. agus theastaigh uaidh bualadh leo ach in ainneoin tréaniarrachtaí a bhí déanta ag iriseoirí chun athchairdeas a dhéanamh eatarthu níor tharla sé mar ní raibh Gallagher nó Coyle toilteanach bualadh leis.[4]
Bhásaigh Dr. Herrema ar 27 Aibreán 2020. Bhí sé 99. D'éag a bhean, Elisabeth, seachtain roimhe sin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ University of Limerick (2018-05-04). "Tide Herrema" (en-IE). Unique and Distinctive. Dáta rochtana: 2022-11-05.
- ↑ RTÉ Television (2012-09-26). "Scannal - Dutch Courage - The Herrema Kidnap". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-09-26. Dáta rochtana: 2022-11-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2020-04-27). "An Dr.Tiede Herrema tar éis bháis." (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Séamus Kavanagh (2020). "Tiede Herrema: an léigear i Mainistir Eimhín" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-11-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2020). "Bhásaigh Dr.Tiede Herrema ar 27 Aib 2020" (ga-IE). Twitter. Dáta rochtana: 2022-11-05.