Frithreo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Frithreo

Frithreo a thugtar ar ábhar a chuirtear le huisce i gcóras fuaraithe innill chun nach reofaidh an córas in aimsir fhuar. Is gá cosc a chur ar reo san inneall mar go bhforbraíonn uisce ann nuair a reonn sé. Má bhíonn an t-uisce reoite seo san inneall, is féidir go scoiltfidh sé codanna den chóras fuaraithe. Is iad na hábhair a úsáidtear chuige ná eatánól is meatánól, ach amháin go ngalaíonn siad seo de réir a chéile. Úsáidtear gliocól eitiléine freisin, nach ngalaíonn ach atá níos daoire ná na halcóil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Frithreo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 290.