Forfhuarú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fuarú leachtanna áirithe faoi bhun na teochta a luaitear mar reophointe an leachta sin, rud a tharlaíonn i gcuid mhaith próiseas nádúrtha is tionsclaíoch. Nuair a dhéantar é seo, staid éagobhsaí a bhíonn ann, agus má shuaitear an leacht seo athraíonn sé chuig an staid sholadach, atá cobhsaí ag an teocht sin. Tarlaíonn na coinníollacha i gcomhair an fhorfhuaraithe seo i gcruthú criostail oighir i scamaill, reo an uisce dhromchlaigh i locha, agus siocreo. Is núicléas éigin, páirteagail deannaigh mar shampla, a chuireann tús le hathrú an uisce fhorfhuaraithe chuig oighear. Is féidir le hábhair áirithe fanacht sa staid fhorfhuaraithe, mar a dhéanann gloiní ar leachtanna forfhuaraithe iad, bíodh is go bhfeidhmíonn siad mar sholaid bhuana.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Forfhuarú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 281.