Forbairt theirmeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alt infhairsingithe i ndroichead bóthair a úsáidtear chun damáiste ó fhorbairt theirmeach a sheachaint

Nuair a ardaítear teocht ábhair, forbraíonn an t-ábhar sin i ngach treo. Tarlaíonn sé seo de bharr méadú i ngluaiseacht theirmeach na n-adamh. Tarlaíonn forbairt líneach i dtreo ar bith a bhraitheann ar an bhfad tosaigh, an t-ardú teochta, agus tairiseach an ábhair, a dtugtar an chomhéifeacht forbartha líní air. Tarlaíonn forbairt thortoimhseach freisin, a bhraitheann ar an toirt thosaigh, an t-ardú teochta agus tairiseach an ábhair, a dtugtar an chomhéifeacht forbartha tortoimhsí air. Tomhaistear na tairisigh seo d'ábhair éagsúla, agus is áisiúil iad seo le hiompar na n-ábhar is iad faoi ardteocht a thuiscint.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Forbairt theirmeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 281.