Fluent Dysphasia
Appearance
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Daniel O'Hara |
Mionsonraí | |
Céadléiriú | 2004 |
Gearrscannán is ea Fluent Dysphasia a scríobh agus a stiúir Daniel O'Hara.
Taispeánadh é ag Féile Scannán Chorcaí i mí Dheireadh Fómhair 2004 agus bhuaigh sé gradam an lucht féachana don ghearrscannán is fearr Éireannach.[1] Bhuaigh sé gradaim eile tar éis seo.[2]
Scéal faoin gcairdeas agus an teagmháil idir athair (Stephen Rea) agus iníon sna déaga (Jayne Stynes) atá i gceist ann.
Taifeadadh an gearrscannán seo, atá 16 nóiméad ar fhad, taobh istigh de cheithre lá. Ar nós scannán eile ó O'Hara, Yu Ming Is Ainm Dom, tá sé suite i mBaile Átha Cliath den chuid is mó.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ http://www.imdb.com/title/tt0431763/awards
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-10-02. Dáta rochtana: 2009-04-17.
- ↑ http://www.imdb.com/title/tt0431763/
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Fluent Dysphasia (2004) ar Atom.com Curtha i gcartlann 2008-12-05 ar an Wayback Machine